CUIRFIDH COBÁC AN chomhdháil stáit deireanach Deich mBliana na gCéad Bliain i láthair ar an 2 agus 3 Nollaig 2022, ag ceiliúradh Bunú Saorstáit Éireann 100 bliain ó shin. Cuireadh deireadh leis na socruithe a leagadh amach sa Chonradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1922, agus Éire sa tréimhse ba mheasa den Chogadh Cathartha,. Leis seo, bunaíodh Saorstát Éireann go hoifigiúil cothrom an lae a síníodh an Conradh AnglaÉireannach. Ba chomhartha é seo gur bunaíodh Saorstát Éireann go dlíthiúil agus tráth ríthábhachtach a bhí ann i saoirse na hÉireann. Sna 12 mí ó síníodh an doiciméad, tharla deighilt ann sa tír agus sna gluaiseachtaí a bhuaigh saoirse na hÉireann leis an doiciméad céanna sin.
Déanfaidh an chomhdháil measúnú ar bheartas intíre agus ar bheartas idirnáisiúnta. Déanfar measúnú chomh maith ar fhothacaí dlíthiúla an stáit, a bhunreacht, aistriú na státseirbhíse, na breithiúna agus bunú ranna rialtais. Pléifear féiniúlacht, teanga, agus struchtúr sóisialta na hÉireann neamhspleáiche. Cuirfear an áit a bhí ag inscne, reiligiún, eispéireas an mhionlaigh, agus soláthar seirbhísí sa stát nua san áireamh.
Ag teacht as críochdheighilt agus foréigean, ba mhór an dúshlán don Saorstát stát feidhmiúil, seasmhach agus daingean a chruthú i ndiaidh deich mbliana de chogadh agus réabhlóid. D’fhág an foréigean agus an scrios a tharla idir an tÉirí Amach agus tús an Chogaidh Chathartha, lorg fisiceach ar an tír. I mBaile Átha Cliath, bhí Ard-Oifig an Phoist, na Ceithre Cúirteanna agus na sráideanna cóngaracha ina bhfothracha go fóill ón Éirí Amach agus ó thosú an Chogaidh Chathartha faoi seach. Ar an lá tar éis bhunú Shaorstát Éireann, scaoil fórsaí frith-Chonartha leis an TD Seán Hales agus mharaigh é agus é ar a bhealach go Dáil Éireann. D’ordaigh comh-aireacht an tSaorstáit ceathrar príosúnach de chuid an IRA a chur chun báis láithreach mar bheart díoltais. Mhair an polasaí le daoine a dhaoradh chun báis agus an Cogadh Cathartha a spreag é go Bealtaine 1923.
Ó thaobh airgeadais de, bhí an tAire Airgeadais dúghafa le hairgeadas na tíre a chomhordú. Mar sin féin, ceadaíodh roinnt forbairtí bonneagair uaillmhianacha, go háirithe Scéim Hidrileictreach na Sionainne a réitigh an bealach le haghaidh leictriúchán tuaithe. Bhí teorainneacha an tSaorstáit ag síorathrú go fóill. Chuir an conradh Coimisiún na Teorann ar fáil chun líne dhealaithe idir an Saorstát agus Tuaisceart Éireann a shocrú. Nuair a chlis ar an gcoimisiún seo i 1925, fágadh an teorainn mar a bhí agus mar atá anois. B’ócáidí cinniúnacha a tharla le linn an athraithe ó réabhlóid go forbairt státacht na hÉireann iad; fórsa póilíneachta feidhmiúil agus neamharmtha a bhunú, ceannairc san arm a chur faoi chois i 1924, aistriú síochánta cumhachta ó pháirtí a bhí ar son an Chonartha go páirtí polaitíochta frithChonartha i 1932.
In ainneoin na ndúshlán seo, tháinig Éire slán. Sna blianta ina dhiaidh sin, lean sí ag feidhmiú mar dhaonlathas nuair a tháinig deachtóireacht fhorlámhach i gcumhacht i gcuid mhaith stát Eorpaigh sin nó go ndearnadh ionradh agus ionghabháil orthu. Ina ionad sin, ba í an bhagairt eiseach ba mhó a bhí ar Éirinn i lár an fichiú haois ná eisimirce agus an bhochtaineacht ba chúis leis. Críochnóidh an chomhdháil le díospóireacht chomhchéime ina scrúdófar forbairt na hÉireann, go sóisialta, ó thaobh na polaitíochta de agus ó thaobh an gheilleagair de sna céad bliain ó 1922.
Tá fáilte roimh alumni a bheith linn ag an gcomhdháil.
■ www.ucd.ie/centenaries. Is Ollamh Comhlach é Conor Mulvagh, Scoil na Staire COBÁC agus bíonn sé páirteach go gníomhach i ngníomhaíochtaí comórtha ar an ollscoil, ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.