Imreoirí Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh le Corn Mhig Uidhir i ndiaidh Chraobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil.

BUAITEOIRÍ 2020

Chuidigh céimithe COBÁC le foirne CLG buanna móra a bhaint amach

I MÍ NA Nollag 2020, fuair na curaidh reatha Baile Átha Cliath an bua ar Mhaigh Eo i gCluiche Ceannais na hÉireann 2020. Ba é sin a séú bua sa Chluiche Ceannais i ndiaidh a chéile, rud nár tharla riamh roimhe. Tá sé dochreidte go raibh aonar déag iarscoláirí COBÁC ar an bhfoireann bhuach. I mí Bealtaine 2021, aithníodh naonúr ón bhfoireann mar All-Stars PwC, an líon céanna leis an tsár-churiarracht ag na gradaim. Bhuaigh Brian Fenton (BSc 2015, MSc Management 2021) Imreoir na Bliana chomh maith lena chúigiú All-Star, a cheathrú All-Star i ndiaidh a chéile. Tá níos mó gradaim aonair faighte aige anois ná aon duine eile ar an bhfoireann.

Ainmníodh Con O’Callaghan (BComm 2019, MAcc 2020), tosaí de chuid Bhaile Átha Cliath agus iar-Pheileadóir Óg na Bliana, mar laoch na himeartha i gCluiche Ceannais na hÉireann 2020. Tá sé chraobh na hÉireann bainte amach aige, agus tá All-Star faighte aige chomh maith.

Fuair cosantóir de chuid Bhaile Átha Cliath, Eoin Murchan (BSc 2018) a chéad All-Star agus fuair an cosantóir Michael Fitzsimons (BSc 2011, MB BCh BAO 2019), a bhfuil naoi gcraobh na hÉireann buaite anois aige, All-Star freisin.

I measc na n-iarscoláirí COBÁC eile a bhí ar an bhfoireann bhuach bhí an lántosaí ar dheis, Paul Mannion (BComm 2016, MSc 2017), David Byrne (BComm 2016, MSc 2017), Robbie McDaid (BA 2015, MGO 2017), Rory O’Carroll (BA 2012, HDip 2013, MSocSc 2015) agus Cian O’Sullivan (BBLS 2010, MAcc 2011). Fuair Paddy Small (MSc Gnó Idirnáisiúnta) agus Evan Comerford (Máistreacht Phroifisiúnta san Fhisiteiripe) Scoláireacht Spóirt Iarchéime 2020/2021 agus bronnfar céimeanna orthu gan mhoill.

San Iománaíocht, bhuaigh Luimneach craobh na hÉireann tar éis bua 0-30 in aghaidh 0-19 a fháil ar Phort Láirge i bPáirc an Chrócaigh. Ba é a naoú gcraobh ar an iomlán, agus a gcéad chraobh ó bhí 2018 ann. Bhí céimí COBÁC Seamus Flannagan (Radagrafaíocht 2021) mar bhall den fhoireann bhuach, agus scóráil sé trí phointe sa chluiche ceannais.

Foireann Bhaile Átha Cliath ag ceiliúradh i ndiaidh Chraobhchomórtas Sinsir na hÉireann i bPeil na mBan TG4.

Chomh maith leis sin, bhí bua den scoth i gcraobh na hÉireann ag foireann peil na mban Bhaile Átha Cliath i mí na Nollag 2020. Tá na 15 Chorn Bhreandáin Uí Mháirtín dheireanacha buaite ag Baile Átha Cliath nó ag Corcaigh. Níor éirigh le Corcaigh a ndara bua dhéag i ndiaidh a chéile a bhaint amach in 2010 toisc gur bhuaigh Baile Átha Cliath craobh na hÉireann an bhliain sin, ach i mbliana d’éirigh le Baile Átha Cliath a gceathrú craobh na hÉireann i ndiaidh a chéile a bhaint amach.

Bhí iarscoláirí COBÁC ar an bhfoireann, Marta Byrne (BSc 2016, MSc 2020), Niamh Collins (BE 2016, MSc 2019), Sinead Goldrick (BSocSc 2011), An Dr Noelle Healy (MB BCh BAO 2015), Emma McDonagh (MSc 2020) agus Siobhan Killeen (BSc Radagrafaíocht 2016) san áireamh, chomh maith le scoláirí reatha Jodi Egan (BBL) agus Cassie Sultan (BSc Eolaíocht Sláinte & Feidhmithe).

Ainmníodh Martha Byrne, Sinead Goldrick agus Noelle Healy d’fhoireann All-Star Peile 2020, agus bhuaigh Sinead Goldrick Laoch na hImeartha sa chluiche ceannais.

Bhí Grace Walsh (BSc Altranas 2016) agus Lydia Fitzpatrick (MGO 2020) mar bhaill d’fhoireann camógaíochta Chill Chainnigh a fuair bua 1-14 in aghaidh 1-11 ar Ghaillimh i gCluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann. Ainmníodh Walsh ar fhoireann All-Star Camógaíochta 2020 freisin.

www.ucd.ie/gaa