Oisín Kyne, Naoise Kenny, Sorcha Nic Conmara, Dara De Lacy and Donal Beecher
Teach Na Gaeilge UCD

20th Anniversary

UCD’s Irish Language Student Residence Scheme recently celebrated its 20th anniversary. UCD alumnus and Ad Astra scholar Harry Brennan (BSc Economics and Finance 2017), Senior Associate Consultant with Bain & Company joined in the celebration at the University Club and recalls his time as Teach na Gaeilge UCD scholar: “Comóradh 20 bliain ar Theach na Gaeilge a bhí mar chúis le teacht le chéile céad duine nó mar sin Dé Sathairn, an 21 Eanáir. Bhailigh scoláirí reatha, iarscoláirí, foireann na hollscoile agus comhpháirtithe araon i gClub na hOllscoile le ceiliúradh a dhéanamh ar Theach na Gaeilge, UCD, scéim cónaithe Gaeilge na hollscoile atá anois 20 bliain ar an bhfód.

“Oíche lán de cheol, spraoi agus cairdeas a bhí ann do chách. Bhain gach uile duine sult as seanaghaidheanna a fheiceáil arís. B’iontach an rud é dúinn uilig gur tháinig dream ó Thaigh na Gàidhlig, Ollscoil Ghlaschú anall le bheith linn ar an oíche.

“Mar iarscoláire de chuid (BSc Eacnamaíocht & Airgeadais) ba dheis í an oíche domsa cuimhneamh siar ar mo sheal pearsanta i dTeach na Gaeilge. Tugann Teach na Gaeilge deis do mhic léinn saol lán-Ghaelach a chaitheamh ar an ollscoil. I gcomhair dream ar leith inár measc, is leanúnachas é seo ón mbaile, ach domsa, ba dheis dom í maireachtáil trí Ghaeilge don chéad uair. Agus mé anois i mo chónaí i Meiriceá, agus sa Bhreatain roimhe sin, táim chomh buíoch sin go fóill as an deis sin a bronnadh orm.

“Thar aon rud eile, dheimhnigh an scéim cónaithe dom nach teanga oideachais amháin í an Ghaeilge, ach gurb í mo theanga féin í. Ba mhór an onóir dom páirt a ghlacadh inti.”